Skip to content

Scoil Dhún Chaoin

Scoil Naomh Gobnait

Ní haon ualach an fhoghlaim

Oidhreacht

 

Scoil Dhún Chaoin

1841 – 2014

Scoil Bhaile Bhiocáire 1841 -1914

Buachaillí 1897 (beag)

Sular tógadh Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin sa bhliain 1914, bhí leanaí an pharóiste ag freastal ar Scoil Bhaile Bhiocáire, díreach trasna an bhóthair ó láthair na scoile nua, faoi mar atá tigh gloine na gCinnéideach inniu. Bunaíodh Vicarstown National School go hoifigiúil sa bhliain 1841. San iarratas a chuir an sagart paróiste, An tAthair Seán Ó Cathasaigh, go dtí na Coimisinéirí Oideachais, deir sé go raibh géarghá oideachas a chur ar mhuintir Dhún Chaoin mar gurbh éigin go raibh seisear sa pharóiste a thuig aon fhocal Béarla.

Aon seomra amháin a bhí sa scoil agus í 40 troigh ar fhaid agus 22 troigh ar leithead. B’é John Kavanagh an chéad mhúinteoir inti agus bhí 119 scoláire ag freastal uirthi an uair sin, 94 buachaill agus 25 cailín. Go bhfios dúinn, ní mhaireann aon ghrianghraf don tseanscoil ach is mar seo a dhein Séamus Ó Cíobháin ó Ghleann Loic cur síos ar an scoil sa bhliain 1978, agus é os cionn 80 bliain d’aois.[1] “Ocht bhfuinneog a bhí ar an scoil, Vicarstown National School, ceithre cinn ar gach taobh. Bhí dhá shimné air in airde, ach ní raibh ach tine amháin istigh, agus í sin sa bhinn theas. Sa bhinn thuaidh a bhí an doras. Sa bhinn theas a bhí an máistir is é buailte suas cois na tine sa gheimhreadh. Thugadh gach aon dalta fód mhóna leis gach aon lá. Bhí deisceanna móra fada ann i lár slí, timpeall deich gcinn acu ar fad, agus spás do dheichniúr i ngach aon cheann agus aghaidh ó dheas orthu.”

Tá cur síos ag Hannah Ní Dhálaigh, iníon an Mháistir Seán Ó Dálaigh, ar na cuimhní cinn a bhí aici sin ar an seanscoil, a bhí suite béal dorais lena tigh féin i mBaile Bhiocáire. “Aon tseomra amháin a bhí sa scoil, agus urlár cláracha, cláracha ramhara. Bhí na fuinneoga an-ard, d’fhonn is ná chífí aon rud ón mbóthar is ná chífea éinne ag gabháilt soir ná siar, mar ná déanfá aon rud dá mbeidís íseal. Bhí ceithre cinn ar thaobh an bhóthair agus ceithre cinn ón dtaobh thuas agus gan aon cheann ar aon bhinn.”[2]

Ar nós formhór na tíre, tháinig titim mhór ar thinreamh na scoile i rith an Ghorta Mhóir agus sa bhliain 1855 ní raibh ach 38 scoláire ag freastal uirthi. Thosnaigh Domhnall Ó Muircheartaigh ag múineadh inti in Aibreán 1855. Bhíodh fadhbanna móra ag Domhnall leis na cigirí a thagadh ar cuairt go dtí an scoil agus d’éirigh sé as a phost i Mí na Samhna 1857. De réir na gcuntaisí ón gCartlann Náisiúnta bhain cuid de na fadhbanna seo le cúrsaí glaineachta agus néatachta na scoláirí. “Ceann de dhualgaisí an mhúinteora ná scrúdú laethúil a dhéanamh ar lámha, aghaidheanna, gruaig agus éadaí na leanbh chun a chinntiú go rabhadar deas, glan, gan boladh uathu, ná dreancaidí orthu. Cúram eile a bhí air ná an scoil a scuabadh, a ghlanadh agus aoldath a bhualadh uirthi nuair a bheadh gá leis... Níor cheart an milleán a chur ar Dhomhnall. Bhí na leanaí beo, bocht ag teacht ar scoil cosnochtaithe, gioblach, ocrach.”[3]

Go dtí seo, scoil aon oide ab ea Scoil Bhaile Bhiocáire ach sa bhliain 1864, nuair a bhí 80 scoláire ag freastal ar an scoil, ceapadh an chéad chúntóir scoile, nó workmistress mar a thugtaí uirthi. Bhí 44 buachaill agus 36 cailín cláraithe sa scoil ag an am agus b’í Hannah Ní Neachtain a ceapadh mar chúntóir. Bean chéile an mháistir Domhnall Ó Muircheartaigh ab ea í agus bhí sí 18 mbliana d’aois ag an am. I gcúntas ón gCartlann Náisiúnta tugtar cur síos dúinn ar dhualgaisí Hannah, “There are 18 females receiving needlework instruction with table provided, also press to keep material. She also assists her husband in teaching the junior classes. She teaches two hours needlework each day. She is qualified to teach needlework, marking, knitting and netting.”[4]

 Cailíní 1897(beag)

Cailleadh Hannah Ní Neachtain óg agus b’í Julia Lucitt ó Bhaile an Éanaigh a ceapadh mar chúntóir ina háit. Is le linn do Julia agus Domhnall Máistir a bheith ag múineadh ann a thosnaigh Peig Sayers sa scoil sa bhliain 1877. Tugann Peig cur síos ar an gcéad uair a chonaic sí Julia agus an chuma bhreá ghalánta a bhí uirthi. “Do bhraitheas an doras dá oscailt, d’fhéachas ina threo, agus is amhlaidh a bhí brainse de mhnaoi óig chaoil aird duibh ann, scáth fearthainne ina láimh aici, agus feidhre d’fháinní buí ina cluasa... chuir an mháistreás im shuí ar an mbinse ba shia síos mise. Do bhí chomh maith le fiche páiste dem chomhaois féin ar an mbinse sin.”[5] Chaith Julia aon bhliain déag mar chúntóir i Scoil Bhaile Bhiocáire agus d’aistrigh sí go Scoil na Muirí sa bhliain 1887, áit gur chaith sí an chuid eile dá saol mar phríomhoide. Nuair a d’fhág Julia an scoil sa bhliain 1887, tháinig Kate O’Connor ó Bhaile Eaglaise ina háit.

Múinteoirí Scoil Bhaile Bhiocáire

1.     John Kavanagh (1841)

2.     Donncha Ó Conchubhair (1842)

3.     Patrick Timothy Brosnan

4.     Domhnall Ó Muircheartaigh (1855-1857)

5.     John Moynahan (1857-1859)

6.     John Foley (1859 – 1863)

7.     Domhnall Ó Muircheartaigh (1863 – 1879)                   

8.     Hannah Ní Neachtain (1864-1876)

9.     Julia Lucitt (1876 – 1887)

10.   Seán Ó Dálaigh (1879 - 1927)                          

11.   Kate O’Connor (1887)

 

An Máistir Seán Ó Dálaigh

Timpeall an ama gur thosnaigh Julia i Scoil Bhaile Bhiocáire, thosnaigh mac deirféar don Máistir Domhnall Ó Muircheartaigh mar “mhonitor” nó coscaire sa scoil sa bhliain 1875. Ní raibh Seán ach 15 bliana d’aois ag an am ach bhí ana-shuim sa mhúinteoireacht aige. Chaith sé trí bliana faoi stiúir an mháistir ag foghlaim a cheirde, faoi mar a bheadh tréimhse fhoghlamtha ag printíseach. “Bhí ar an máistir múineadh speisialta a thabhairt dó ar feadh trí cheathrú uair a chloig roimh scoil ar maidin nó tar éis scoile tráthnóna. Bhí leabhair speisialta go gcaitheadh sé staidéar a dhéanamh orthu agus chaitheadh sé dul fé scrúdú ag deireadh gach bliana.”[6] Nuair a cailleadh Domhnall Máistir sa bhliain 1879, ceapadh Seán ina áit agus gan é ach 18 mbliana d’aois ag an am, an príomhoide is óige in Éirinn.

Bhí Peig Sayers timpeall sé nó seacht mbliana d’aois nuair a ceapadh Seán Ó Dálaigh ina phríomhoide agus is mar seo a chuir sí síos air, “Bhí an Máistir nua anois againn ach ar mh’anam, má bhí, gur bhagraí go mór é ná sean-Domhnall. Bhí sé mear tapaidh, óg, misniúil, agus é mallaithe go maith...”[7] Bhí a dhóthain cúraimí roimis sa scoil anois áfach agus é freagrach as oideachas na scoláirí ar fad. Má bhí sé mallaithe nuair ba ghá leis, chaithfeá a thuiscint go raibh deacrachtaí ar leith ag baint le múineadh in aon scoil an uair sin. “Má bhí 80 scoláire ar scoil sa scoilbhliain 1879-80, bí cinnte go raibh ocras ar an bhformhór agus na laigí céanna orthu a ghaibheann leis.”[8] Sa bhliain 1895, bhí an tinreamh is airde sa scoil, 110 scoláire, ó bunaíodh Scoil Bhaile Bhiocáire breis is caoga bliain roimis sin.

Bhí baint mhór ag an Máistir Ó Dálaigh in athbheochaint na Gaeilge, gluaiseacht a bhí faoi lán tseoil ar fud na tíre ag an am. B’iad Scoil Dhún Chaoin

agus Scoil Bhaile an Fheirtéaraigh ar an dá scoil ba thúisce in Éirinn a thug faoi mhúineadh na Gaeilge[9], tar éis don dá phríomhoide sna scoileanna sin Teastas Múinte na Gaeilge a bhaint amach. Deir Peig Sayers ina leabhar gur chuimhin léi nuair a tosnaíodh ar mhúineadh na Gaeilge sa scoil. “Níor ródheacair í a mhúineadh do pháistí Dhún Chaoin mar, ar ndóigh, is as an dteangain sin a fuineadh is a fáisceadh iad, agus bhí an máistir cliste léannta chun í a mhúineadh dhóibh, mín agus garbh... Ní fhéadfainnse é siúd a cháineadh. Ar shon mé bheith im mhnaoi chríonna anois, bíonn bród orm é bheith le rá agam gurbh é Seán Ó Dálaigh an múinteoir a mhúin mé.”[10]

 

Phós an Máistir Ó Dálaigh iar-scoláire leis féin Nóra Ní Mhurchú (Nearaí) ó Ghleann Fán, i bParóiste Fionn Trá, Máirt na hInide 1887. Saolaíodh naonúr clainne dóibh, beirt iníon agus seachtar mac, idir na blianta 1888 agus 1910, agus chuaigh triúr acu le múinteoireacht ina dhiaidh sin. Thóg an Máistir agus Nearaí tigh nua ag binn na scoile i mBaile Bhiocáire sna blianta 1896-97, an tigh ba mhó sa pharóiste. D’éirigh leo Oifig an Phoist a bhunú sa tigh sa bhliain 1898. D’fhan an Oifig an Phoist ag an Máistir a shaol ar fad agus bhí sé ag a iníon Hannah ina dhiaidh.

Scoil Naomh Gobnait 1914

D’fhan an Máistir Seán Ó Dálaigh ag múineadh sa scoil go dtí 1927 nuair a chuaigh sé amach ar a phinsean tar éis dó breis is 48 mbliana a chaitheamh ag múineadh sa scoil, an tréimhse is faide ag aon mhúinteoir ann. B’é a bhí ina mháistir nuair a tógadh an scoil nua, Scoil Naomh Gobnait i mBaile na Rátha i 1914, ar thalamh a dhíol Seán Dhónail Ó Caomhánaigh ó Bhaile na Rátha leis an bparóiste. Ní raibh ach léas 99 mbliana ag an láthair ina raibh an tseanscoil tógtha agus bhí droch chuma ag teacht ar an tseanscoil le tamall. “Aon trathnóna amháin go raibh an Máistir istigh ann ag scríobh ag an ndeasc thit píosa mór den díon isteach agus ba ar éigean a thug sé na cosa leis amach as.”[11]

De réir daonáirimh na bliana 1911, bhí 381 duine i bParóiste Dhún Chaoin (gan na Blascaodaí san áireamh) agus bhí nach mór leath acu san fé bhun 15 bliana d’aois.  De réir Leabhar Rolla Scoil Naomh Gobnait, bhí 111 leanbh ag freastal ar an scoil nuair a osclaíodh í go hoifigiúil ar an 12 d’Aibreán 1915, 64 buachaill agus 47 cailín. B’é Patrick Guiheen ó Bhaile na hAbha an dalta is sinne sa scoil agus é nach mór 16 bliana d’aois agus b’í Maggie Houlihan ó Ghleann Loic an dalta is óige agus gan í ach 3 bliana agus 3 mhí d’aois nuair a thosnaigh sí sa scoil an bhliain sin. As Béarla amháin a bhí ainmneacha na leanaí breactha síos sa Leabhar Rolla.

B’í Nell Ní Fhlaithimh a bhí ina céad chúntóir sa scoil nua, deirfiúr do Jack Flahive ón nDaingean, an fear a thóg an scoil. Dhá sheomra a bhí sa scoil nua, an ceann thoir don Máistir agus an ceann thiar don Máistreás. Aistríodh Nell go Scoil na Muirí áit go raibh post aici ag múineadh le Julia Lucitt, agus ceapadh Bríde Ní Lúing Uí Loingsigh, i Mí Bealtaine 1915.

Nuair a d’éirigh an Máistir Seán Ó Dálaigh as, ceapadh a mhac Muiris mar phríomoide sa scoil ina dhiaidh, príomhoide óg eile agus gan é ach bliain is fiche. Tá an t-athrú príomhoide le feiscint go soiléir i gClár Leabhar na mBuachaillí atá fós sa scoil, mar a bhfuil ainmneacha na scoláirí agus na mbailte fearainn breatha síos as Gaelainn don gcéad uair. Bhí uimhreacha ag titim arís sa scoil agus sa bhliain 1929 ní raibh ach 60 scoláire cláraithe sa scoil.

 

Bhí spéis ar leith ag Muiris Ó Dálaigh sa Ghaelainn agus i scéalaíocht na háite agus maíonn an scéalaí cáiliúil Bab Feiritéar gurb é a mhúscail suim sa seanchas inti ar scoil. D’fhreastal Bab ar Scoil Dhún Chaoin ó 1923 go 1931 agus b’é Muiris an múinteoir a bhí aici sna hard ranganna. “Léadh sé scéal dúinn agus deireadh sé linn ceist a chur ar ár muintir aige baile an raibh an scéal áirithe sin acu, agus má bhí, é a bhreith ar scoil ina bhfocla siúd. Ansan a thuigeamar go raibh tábhacht ag baint leis an seanchas is an scéalaíocht.”[12]

Bhí Máirín Ní Bhriain Uí Shé ag múineadh sa scoil ó 1941 go dtí 1946, ach bhí tinreamh na scoile ag titim arís agus faoi lár na 1940aí bhí faoi bhun 30 leanbh sa Leabhar Rolla. Deineadh scoil aon oide arís do Scoil Dhún Chaoin agus aistríodh Muiris Ó Dálaigh go Scoil na Muirí.

 scoil (P Langan)

D’fhan Bríde Uí Loingsigh ag múineadh sa scoil ar feadh breis is 45 bliana. Ba mhinic a luadh Bab Feirtéar Bríde agus í ag tagairt dá laethanta scoile agus an tslí a chuaigh na laethanta sin i bhfeidhm uirthi ó thaobh na scéalaíochta. Tugann Bab cur síos ar an gcuimhne a bhí aici ar mháistreás na scoile. “Ní féidir liom mo chéad lá ar scoil a thabhairt chun mo chuimhne ach is cuimhin liom go maith a bheith ins na naíonáin ar scoil. Feicim pictiúr don máistreás suite ar chathaoir cois tine móna agus sinne cruinnithe timpeall uirthi mar a bheadh máthair agus clann. Í siúd ag insint scéalta beaga deasa dúinn, gach sórt scéal, scéalta grinn agus scéalta beannaithe...[13]

Nuair a chuaigh Bríde amach ar a pinsean sa bhliain 1960 ní fada ó bhaile a chaitheadar imeacht chun an chéad mhúinteoir eile a aimsiú. B’í deirfiúr Bhríde, Maighréad, a ceapadh ina háit. Ba í Maighréad Ní Lúing baintreach an Mháistir Muiris Ó Dalaigh. Deineadh scoil beirt oide arís de Scoil Dhún Chaoin nuair a ceapadh Máire de Londra Uí Ghrifín sa bhliain 1961, nuair a bhí 35 leanbh ar Rolla na Scoile. Chaith Maighréad cúig bliana sa scoil agus d’éirigh sí as i Mí Márta 1965. Chaith Bean Uí Ghrifín 9 mbliana ag múineadh sa scoil.

Ceapadh Máire Ní Chuinn in áit Mháighréad Bn Uí Dhálaigh agus d’fhan sí ann go dtí 1970, an bhliain chéanna gur éirigh Bn Uí Ghrifín as agus gur dhein an Roinn Oideachais iarracht an scoil a dhúnadh agus na leanaí a aistriú go Scoil an Fheirtéaraigh.

Sheas muintir Dhún Chaoin go láidir i gcoinne cinneadh an Rialtais agus d’éirigh cuid mhaith de phobal na tíre laistiar dóibh ina gcuid iarrachtaí a scoil bheag féin agus a bpobal féin a choimeád ina mbeatha. Sheas daoine ar nós Máire Mhac an tSaoi agus Breandán agus Máire Feirtéar isteach chun na leanaí a mhúineadh go deonach. Tháinig Mícheál Ó Dúbhshláine, múinteoir óg ó Chill Dara chun múineadh sa scoil sa bhliain 1970, gan turastal ná aitheantas ón Roinn Oideachais. Sheas muintir Dhún Chaoin leis agus chabhraíodar leis in aon slí go bhféadfaidís. Lean an scéal mar seo ar feadh trí bliana go dtí gur tháinig athrú Rialtais agus tugadh aitheantas don scoil arís sa bhlian 1973 agus ceapadh Mícheál go hoifigiúil mar phríomhoide na scoile.

Micheál Ó Dúshláine (beag)

D’fhan Mícheál Ó Dúbhshláine ag múineadh sa scoil go dtí 2003 nuair a chuaigh sé amach ar a phinsean. Ceapadh an tarna oide sa bhliain 1986, agus b’í sin Máirín Ní Bhroin Uí Thuama ó Chill Mhantáin. D’fhan Máirín ag múineadh sa scoil go dtí gur chuaigh sí amach ar a pinsean sa bhliain 2011. Nuair a d’éirigh Mícheál Ó Dúbhshláine as, ceapadh Máirín mar phríomhoide, agus Áine Ní Shé Uí Dhúgáin, ó Dhún Chaoin, mar chúntóir. Chaith Áine seacht mbliana ag múineadh sa scoil sara bhfuair sí bás i 2011.

Ceapadh Máire Ní Mhaoileoin ón nGráig mar phríomhoide sa scoil nuair a d’éirigh Máirín Ní Bhroin as i 2011 agus ceapadh Maryann Ní Laoithe ó Bhaile Uí Churráin mar chúntóir. Chaith Máire seacht mbliana mar phríomhoide go dtí gur chuaigh sí amach ar a pinsean agus is é Malachaí Mac Amhlaoibh ó Bhaile na Rátha a tháinig i gcomharbacht uirthi sa bhliain 2018. Is iad Malachaí agus Maryann múinteoirí na scoile faoi láthair.

Múinteoirí Scoil Naomh Gobnait                      

1.    Seán Ó Dálaigh (1879 – 1927)

2.   Nell Ní Fhlaithimh (1914 - 1915)

3.   Bríde Bn Uí Loingsigh (1915 – 1960)

4.   Muiris Ó Dálaigh (1927 – 1941)

5.   Máirín Ní Bhriain (1941-1946) 

6.   Maighréad Bn Uí Dhálaigh (1960 – 1965)                     

7.   Máire Bn Uí Ghrifín (1961 - 1970)

8.   Máire Ní Chuinn (1965 - 1970)

9.   Mícheál Ó Dúbhshláine (1970 – 2003)             

10.  Máirín Ní Bhroin (1986 – 2011)

11.  Áine Ní Shé (2003 – 2010)

12.  Maryann Ní Laoithe (2011-)                             

13.  Máire Ní Mhaoileoin (2011-2018)

14. Malachaí Mac Amhlaoibh (2018-)

1980 grúpa 2 001

 

 

 



[1] Ó Dubhshláine, Mícheál, 2000, An Baol Dom Tú? (Conradh na Gaeilge) lch 244
[2] Ibid, lch. 245
[3] Ibid, lch. 46
[4] Ibid, lch. 49
[5] Sayers, Peig, Peig, 1954 (Comhlacht Oideachais na hÉireann) lch. 19
[6] Ó Dubhshláine, Mícheál, lch. 54    
[7] Sayers, Peig, Peig, lch. 29
[8] Ó Dubhshláine, Mícheál, lch. 84
[9] ibid, lch. 125
[10] Sayers, Peig, lch. 30
[11] Ó Dubhshláine, Mícheál, lch. 187
[12] Almqvist agus Ó Cathasaigh, 2002, Ó Bhéal an Bhab, (Cló Iar-Chonnachta) lch 54
[13] Feiritéar, Bab, 1994 (neamhfhoilsithe)

Nuacht

Brúigh anseo chun an Seó a fhaire. Ár mbuíochas le Seán Mac an tSíthigh. 

Beimid ag ceiliúradh 50 bliain ó d'éirigh leis an bhfeachtas an Scoil a choimeád ar an bhfód. Tá clár leathan d'ócáidí agus d'imeachtaí eagraithe againn. Bígí linn!

Rogha álainn de scéalta, agallamh beirte, amhráin agus eile le clos anseo ó leanaí na scoile.

Rang Áine

Rang Mhalachaí

Forbairt na Scoile ag dul ar aghaidh Céim ar Chéim.

Tá céim eile á thógaint againn agus sinn ag droidim lenár sprioc cur le foirgneamh na scoile. Tá ár bpleananna don bhforbairt scoile curtha isteach anois go dtí an Rannóg Pleanála i gComhairle Chontae Chiarraí. Tá géar gá le spás breise agus sinn lán go dorais le 49 leanbh ar rollaí na scoile. Tá géar gá uasghrádú a dhéanamh ar an scoil agus uasghrádú a dhéanamh ar an gclós agus ar na seirbhísí searachais. Is é ár n-aidhm na rudaí seo go léir a bhaint amach in aon togra amháin. Is féidir súil a leagadh ar na pleananna mar atá deartha ag ár n-innealtóirí ag MRG Consulting anseo.

All News >>