Skip to content

Scoil Dhún Chaoin

Scoil Naomh Gobnait

Ní haon ualach an fhoghlaim

Scoil Naomh Gobnait

Clár Scoil Dhún Chaoin 1973-20231024_1

SchoolPoster1024_1

Fáilte romhaibh go suíomh idirlín Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin. Is scoil bheag tuaithe sinn atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta ar leithinis Chorca Dhuibhne. Táimid bródúil as cultúr agus traidisiúin na scoile, idir oidhreacht teangan, ceoil, amhrán agus béaloidis.

Tá Scoil Dhún Chaoin ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an scoil breis is céad bliain ó shin. Ag tús na 1970aí áfach, dhein an Roinn Oideachais iarracht an scoil a dhúnadh agus na leanaí a aistriú go scoil eile. Sheas muintir Dhún Chaoin go láidir i gcoinne cinneadh an Rialtais agus thacaigh mórán de phobal na tíre leo ina gcuid iarrachtaí a scoil bheag féin agus a bpobal féin a choimeád ina mbeatha. D’éirigh leo an scoil a choimeád oscailte agus le blianta beaga anuas, tá tinreamh na scoile ag méadú arís agus nach mór dhá scór leanbh ag freastal anois uirthi.

Is scoil bheirt oide í Scoil Dhún Chaoin. Múineann Maryann Ní Laoithe na ranganna sóisir agus múineann an príomhoide Malachaí Mac Amhlaoibh na ranganna sinsir. Tá 39 leanbh ar rolla na scoile i Meán Fómhair, 2020. 

Tá dhá sheomra ranga sa scoil agus radharc aoibhinn againn amach ar na Blascaodaí. Is í an Ghaelainn teanga na scoile, istigh sa tseomra ranga agus i measc na leanaí amuigh sa chlós. Is scoil Ghaeltachta Chaitliceach sinn a sholáthraíonn timpeallacht shlán shábháilte do leanaí agus foireann na scoile ag tacú le forbairt foghlama agus múineadh. Déanaimid ár ndícheall áit thaitneamhach spreagúil a chur ar fáil do na leanaí agus iad i mbun a n-aistear tríd blianta na bunscoile. Faoi mar a léiríonn manna na scoile; Ní haon ualach í an fhoghlaim!

Nuacht

Brúigh anseo chun an Seó a fhaire. Ár mbuíochas le Seán Mac an tSíthigh. 

Beimid ag ceiliúradh 50 bliain ó d'éirigh leis an bhfeachtas an Scoil a choimeád ar an bhfód. Tá clár leathan d'ócáidí agus d'imeachtaí eagraithe againn. Bígí linn!

Rogha álainn de scéalta, agallamh beirte, amhráin agus eile le clos anseo ó leanaí na scoile.

Rang Áine

Rang Mhalachaí

Forbairt na Scoile ag dul ar aghaidh Céim ar Chéim.

Tá céim eile á thógaint againn agus sinn ag droidim lenár sprioc cur le foirgneamh na scoile. Tá ár bpleananna don bhforbairt scoile curtha isteach anois go dtí an Rannóg Pleanála i gComhairle Chontae Chiarraí. Tá géar gá le spás breise agus sinn lán go dorais le 49 leanbh ar rollaí na scoile. Tá géar gá uasghrádú a dhéanamh ar an scoil agus uasghrádú a dhéanamh ar an gclós agus ar na seirbhísí searachais. Is é ár n-aidhm na rudaí seo go léir a bhaint amach in aon togra amháin. Is féidir súil a leagadh ar na pleananna mar atá deartha ag ár n-innealtóirí ag MRG Consulting anseo.

All News >>