Skip to content

Scoil Dhún Chaoin

Scoil Naomh Gobnait

Ní haon ualach an fhoghlaim

Scoil Naomh Gobnait

Fáilte romhaibh go suíomh idirlín Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin. Is scoil bheag tuaithe sinn atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta ar leithinis Chorca Dhuibhne. Táimid bródúil as cultúr agus traidisiúin na scoile, idir oidhreacht teangan, ceoil, amhrán agus béaloidis.

Tá Scoil Dhún Chaoin ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an scoil breis is céad bliain ó shin. Ag tús na 1970aí áfach, dhein an Roinn Oideachais iarracht an scoil a dhúnadh agus na leanaí a aistriú go scoil eile. Sheas muintir Dhún Chaoin go láidir i gcoinne cinneadh an Rialtais agus thacaigh mórán de phobal na tíre leo ina gcuid iarrachtaí a scoil bheag féin agus a bpobal féin a choimeád ina mbeatha. D’éirigh leo an scoil a choimeád oscailte agus le blianta beaga anuas, tá tinreamh na scoile ag méadú arís agus nach mór dhá scór leanbh ag freastal anois uirthi.

Is scoil bheirt oide í Scoil Dhún Chaoin. Múineann Áine Firtéar na ranganna sóisir agus múineann an príomhoide Malachaí Mac Amhlaoibh na ranganna sinsir. Tá 46 leanbh ar rolla na scoile i Meán Fómhair, 2024. 

Tá dhá sheomra ranga sa scoil agus radharc aoibhinn againn amach ar na Blascaodaí. Is í an Ghaelainn teanga na scoile, istigh sa tseomra ranga agus i measc na leanaí amuigh sa chlós. Is scoil Ghaeltachta Chaitliceach sinn a sholáthraíonn timpeallacht shlán shábháilte do leanaí agus foireann na scoile ag tacú le forbairt foghlama agus múineadh. Déanaimid ár ndícheall áit thaitneamhach spreagúil a chur ar fáil do na leanaí agus iad i mbun a n-aistear tríd blianta na bunscoile. Faoi mar a léiríonn manna na scoile; Ní haon ualach í an fhoghlaim!

Nuacht

Brúigh anseo chun an Seó a fhaire. Ár mbuíochas le Seán Mac an tSíthigh. 

Beimid ag ceiliúradh 50 bliain ó d'éirigh leis an bhfeachtas an Scoil a choimeád ar an bhfód. Tá clár leathan d'ócáidí agus d'imeachtaí eagraithe againn. Bígí linn!

Rogha álainn de scéalta, agallamh beirte, amhráin agus eile le clos anseo ó leanaí na scoile.

Rang Áine

Rang Mhalachaí

All News >>